Navigation – Plan du site

AccueilNuméros35-2Treonna sean is nua – an fhoclóir...

Treonna sean is nua – an fhoclóireacht Nua-Ghaeilge san aonú haois is fiche

Liam Mac Amhlaigh

Résumés

Cet article porte sur l’évolution de la lexicographie du gaélique moderne en montrant comme l’histoire de la lexicographie fait écho à l’histoire de l’Irlande pendant le siècle dernier. Tout en rendant compte du développement de la lexicographie en tant que sujet de recherche, il examine le travail de lexicologue en tant que métier. Parmi les sujets évoqués sont l’élaboration de dictionnaires unilingues et bilingues et l’influence de la personnalité et du mode de fonctionnement des lexicologues sur le contenu même des dictionnaires. Le rôle de l’État dans le travail de la lexicographie sera également étudié, notamment à travers la mise en place de la standardisation de la langue gaélique en 1958. Enfin, un regard sera porté sur la technologie et l’appui qu’elle offre au lexicographe moderne.

Haut de page

Texte intégral

Réamhrá

  • 1 Tomás de Bhaldraithe, ‘Foclóirí agus foclóireacht na Gaeilge’, The Maynooth Review 6.1, 198 (...)

Cé go bhfuil sé os cionn míle bliain ó tosaíodh ar fhoclóirí Gaeilge a dhéanamh, tá réimsí móra den fhoclóireacht nár saothraíodh ar chor ar bith fós1.

1Níl duine ar bith a d’fhág a rian níos mó ar an bhfoclóireacht chomhaimseartha ná Tomas de Bhaldraithe agus a chuir in aghaidh na heaspa a shíl sé leis an bhfoclóireacht sa teanga tríocha bliain ó shin. Is é is mó a raibh lámh phraiticiúil san ábhar in Éirinn; is é is mó a d’fhorbair staidéar na foclóireachta mar dhisciplín léinn agus is é is mó a spreag scoláirí eile gort na foclóireachta a threabhadh. Feictear a lámh siúd san éabhlóid mhór a tháinig ar fhoclóireacht na haoise seo caite a fhágann sa chruth ina bhfuil sí anois.

2Baineann roinnt codanna éagsúla, idir ábhar agus tréimhsí ama, le scéal na foclóireachta ag táirseach na haoise seo. Mar thúsphointe, ní miste cuid de na príomhshaincheisteanna sa réimse seo a lua. Áirítear iontu siúd:

  • Soláthar fhoclóirí don phobal, idir leaganacha aonteangacha agus dátheangacha;

  • Pearsantacht agus modhanna oibre na bhfoclóirithe i dtreis ar na foclóirí sin;

  • Tábhacht na foclóireachta Nua-Ghaeilge i gcur chun cinn na teanga (mar shampla i ngluaiseacht na hathbheochana ag tús an chéid seo caite);

  • Gaol an Stáit leis an bhfoclóireacht;

  • Foilsiú na téarmaíochta i bhfoirm fhoclóirí;

  • Réiteach an Chaighdeáin Oifigiúil (1958) agus foclóirí foilsithe;

  • Teicneolaíocht in úsáid chun obair an fhoclóirí a éascú;

  • Obair institiúideach agus iad ag plé leis na codanna thuas.

3Is mór an t-athrú a tháinig ar cheird na foclóireachta faoi thús na haoise seo. D’fhás agus chrap an gnó ag uaireanta áirithe. Bhí an disciplín ag brath ar dhaoine aonair seachas ar chórais chríochnúla le tionscadail dhifriúla a cheapadh, a fhorbairt agus a thabhairt chun críche. Ó am go ham, bhí frustrachas ó thaobh an Stáit de faoi chuid den mhoill a shamhlaítear go minic le déantúsaíocht na bhfoclóirí céanna. Tháinig mór-éabhlóid ar ríomhairí agus an cumas a bhain leo an fhoclóireacht a éascú i gcaitheamh an ama. Níl na córais chearta forbartha fós, áfach, chun aghaidh a thabhairt ar sholáthar foclóirithe a chinntiú.

Obair an fhoclóirí

4Bíonn dhá sprioc go hiondúil ag foclóirí:

  • focail na teanga a mhíniú ar bhealach simplí; agus/nó

  • focail teanga amháin a mhíniú i dteanga eile.

  • 2 C. Nic Pháidín, ‘Corpus Planning for Irish – Dictionaries and Terminology in A New View of (...)

5Baineann obair an fhoclóirí le taifead agus míniú a dhéanamh ar an teanga chruinn litríochta. Ceird agus saothar aonaránach a bhí ann ar feadh na mblianta. Sa lá atá inniu ann, is obair foirne ilghnéitheach atá i gceist le tionscadal foclóireachta. Is gá an obair a bhainistiú i gcodanna ar leith le scileanna ildisciplíneacha. Tá an buntaifead ar bhríonna focal éascaithe ag córais ríomhaireachta seachas bailiú a rinneadh tráth i bhfoirm slipeanna2. Ach an lámh eile, bíonn sainoiliúint de dhíth sna córais chéanna agus bíonn an-dua ar an bhfoclóirí fós eagar a chur ar an mbunábhar. Go comhaimseartha, measann an tOllamh Oftedal ó Ollscoil Oslo gur thasc deacair a bhí i gcruthú foclóra Nua-Ghaeilge:

  • 3 M. Oftedal, ‘de Bhaldraithe, Tomás: English-Irish Dictionary’ in Lochlann, a review of Iris (...)

Compiling a dictionary of contemporary Irish must be one of the most difficult tasks with which a lexicographer can be entrusted. While the English or French lexicographer must content himself with registering the actual use of the modern literary language, his Irish colleague has the unique assignment of codifying an idiom which is regarded by some as a dying language and by others as a language in the making – and which is, for the time being, both3.

6Is mar sin fós atá ag an bhfoclóirí Nua-Ghaeilge: bíonn cinní áirithe le glacadh i rith na hoibre maidir le focail ar leith a cheadú agus/nó dul i muinín na cumadóireachta le bearnaí a líonadh. Bhí na riachtanais seo i gceist don fhoclóirí Nua-Ghaeilge dar leis:

  • Eolas cuí ar theanga ársa litríochta na Gaeilge;

  • Eolas cuí ar an oiread sin canúintí difriúla agus is féidir;

  • Cur amach ar litríocht nua-aimseartha; agus

    • 4 Ibid., l. 227.

    Tuiscint ar cé na focail a dtabharfar tús áite dóibh4.

7Is fíor go bhfuil na riachtanais sin chomh tábhachtach i mbliain scríofa an ailt seo (2010) agus mar a bhí beagnach caoga bliain ó shin. Is díol suntais é an ganntanas foclóirithe atá oilte i scileanna na ceirde agus i dteanga na Gaeilge le tabhairt faoin obair seo go gairmiúil, go héifeachtach agus go slachtmhar; rud a bhí fíor ag tús na haoise chomh maith.

Na foclóirí reatha: pearsantacht & modhanna a dtiomsaitheoirí

  • 5 Féach L. Mac Amhlaigh, Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge, Baile Átha Cliath, Cois Life, (...)

8Is iad FGB Néill Uí Dhónaill agus EID Thomáis de Bhaldraithe an dá phríomhfhoclóir a bhíonn ar fáil do Ghaeilgeoirí na linne seo. Anuas orthu siúd, baintear leas áirithe as FUD Uí Dhuinnín le saibhreas sa bhreis a thabhairt i gcás na frásaíochta más gá. Is ea is faide a théitear siar is ea is deacra lámh a leagan ar chóip de cheann ar bith de na mórfhoclóirí foilsithe sa Nua-Ghaeilge, ceithre fhoclóir déag in iomlán5. Anuas orthu siúd arís, tá soláthar foclóirí póca ar fáil, cuid acu ón Stát agus cuid acu ó fhoilsitheoirí ar nós Collins agus mionfhoclóirí téarmaíochta ar fáil chomh maith. Sna foclóirí dátheangacha, tá freastal maith déanta ar riachtanais an phobail, ach amháin go bhfuil na príomhfhoclóirí ag imeacht as dáta, go háirithe EID, agus níl siad in oiriúint don teicneolaíocht a bhíonn de dhíth go comhaimseartha.

9Baineann cuid mhaith den fhoclóireacht sa chéad deireanach le foclóirí a chruthaigh lucht léinn na linne sin. Bhí eolaíocht na foclóireachta in easnamh go mór ar chuid mhaith de luathshaothair an chéid agus ar an gcúis sin is deacair uaireanta an chomparáid is éifeachtaí a dhéanamh eatarthu. De réir mar a chuaigh na tiomsaitheoirí difriúla le modhanna seachtracha na Mór-roinne agus le húsáid na teicneolaíochta, is ea is nua-aimseartha a bhí eolaíocht na foclóireachta le linn an ama sin. Bhí modhanna oibre éagsúla ag an té a bhí ag obair as a stuaim féin, leithéidí Timothy O’Neill Lane (FON) agus an tAthair Pádraig Ó Duinnín mar shampla, agus an foclóirí a bhí níos mó faoi laincisí an Státchórais, ar nós de Bhaldraithe agus Ó Dónaill mar shampla.

10Ba faoi thionchar an stáit a tosaíodh ar an bhfoclóireacht mar obair foirne, rud a bhí soiléir sna foclóirí is déanaí agus rud a tháinig chun solais fiú chomh fada sin siar leis an dara heagrán de FUD nuair a tugadh liúntas stáit do Cumann na Scríbheann Gaeilge chun an obair a thabhairt chun críche. Ba ghá saothar a d’fhág Liam S. Gogan ina dhiaidh a lorg móide foinsí eile le cur le hobair éachtach an Duinnínigh féin. Dá mhéad é an rogha foinsí nó an rogha soláthróirí, ba mhó an seans go n-athródh treo na hiontrála san fhoclóir.

11Bhí pearsantachtaí le cur san áireamh chomh maith sna modhanna oibre a bhí in úsáid. Bhí EID de Bhaldraithe ina léiriú ar fhear ina léachtóir acadúil, a thosaigh amach leis an dearcadh gur ag líonadh na mbearnaí sa teanga agus ag forbairt an stóir focal a bhí sé. Ar an iomlán seasann eagar na gceannfhocal amach chun tosaigh in EID. Céim chun tosaigh a bhí ann, go mór mhór i rangú agus i gcur i láthair an eolais. Bíonn sé furasta go maith EID a léamh agus príomhbhríonna gach focail a scagadh agus a úsáid. Déantar gearán fós faoin nua-chumadóireacht, faoin easpa saibhris a shamhlaítear leis, agus faoin dóigh a ndeachaigh an t-ábhar sin as dáta. Bhí roinnt athruithe ag teastáil i rith an fhoclóra, toisc go raibh comhairle nua faoin gCaighdeán Oifigiúil ar fáil. Ar an gcúis sin, tiomsaíodh an t-aguisín, English-Irish Dictionary: Terminological Additions and Corrections (1978). Thar aon ábhar eile, cuireann sé sin ceannfhocail bhreise ar fáil do EID.

12Go comparáideach, bhain blas an chainteora dúchais, a bhí go mór faoi chomaoin ag Foclóir Lámhbheartaigh Mhic Cionnaith (FMC) roimhe, le hiontrálacha Uí Dhónaill. Bhain saibhreas, agus soiléire agus simplíocht, leis na hiontrálacha sin, ar chaighdeán níos eolaíochtúla ná FUD ach níos doimhne iontu féin ná EID. Níl FUD níos iomláine ná é in aon chor. Bhí an fhoireann is cumasaí a tugadh le chéile san aois ag obair ar an bhfoclóir leis an saineolas agus leis an gcomhoibriú ón mbeirt ba thábhachtaí i rith an ama sin. Ceistíodh an gaol idir de Bhaldraithe agus Ó Dónaill go minic sna blianta tar éis don fhoclóir teacht ar an láthair. Ní nach ionadh sin agus aighneas ag de Bhaldraithe leis an Roinn Oideachais nuair nár thoiligh siad a ainm a chur ar chlúdach an fhoclóra i dtosach báire. Ní haon locht a fuair sé ar Niall Ó Dónaill. Ní haon locht a fuair sé ar Ó Dónaill nuair nár thoiligh an Roinn Oideachais stiúir iomlán an tionscadail a bhronnadh air sé bliana déag roimhe sin. Bhí aighneas idir de Bhaldraithe agus an Roinn go seasta agus ba leasc leo orlach ar bith a ghéilleadh dó riamh.

13Cheadaigh Lane agus Ó Duinnín an méid sin eolais sa bhreis anuas ar a gcuid iontrálacha nach gcuidíonn sé, uaireanta, le freagra glan díreach a bhaint amach ar cheist sa teanga. Ní raibh tiomsaitheoir ar bith níos ábalta cur síos a dhéanamh ar aidiachtaí ná an Duinníneach. Mar fhocal tuarascálach, níor thug foclóirí ar bith an bhrí bheoga chéanna don aidiacht agus a thug an Duinníneach. Ní gá ach na focail ‘glas’ agus ‘milis’ a chuardach sna foclóirí agus a chur i gcomparáid. Bhailigh Lane an-chuid amhábhair sa dá eagrán, bíodh go mbíonn cuid den eolas atá luachmhar báite ag eolas nach bhfuil chomh tábhachtach céanna. Cuireadh an dara heagrán de FON agus de FUD ar fáil aon bhliain déag agus trí bliana fiche tar éis a gcéad fhoilsithe faoi seach. D’imigh na foclóirí eile go léir as dáta tapaidh go leor, rud a thug le fios nach raibh polasaí cuimsitheach ag an Rialtas le comharbaí a aimsiú ar fhoclóirí nó ar fhoclóirithe na Gaeilge.

14Mar sin, go hachoimir, is féidir a cheapadh, ó thaobh na bhfoclóirithe de:

  • Go seasann FGB don chainteoir eolasach a bhí fite sa chanúineolaíocht agus sa teangeolaíocht stairiúil, duine a bhí ciúinchainteach go maith nuair a theastaigh sin uaidh;

  • Go seasann EID don léachtóir acadúil, a raibh cumas láidir riaracháin aige agus a bhí go mór chun tosaigh i gcur chun cinn na Gaeilge go hacadúil;

  • Go seasann FMC don díograiseoir a bhí ag déanamh gair don teanga agus don rialtas nua trí ghlacadh leis an gcuireadh an chéad fhoclóir sa Stát nua a chur in eagar;

  • Go seasann FUD don eagarthóir Gaeilge a bhí in ann eagráin agus obair eagarthóireachta a chur de ag ráta tapaidh éifeachtach agus a bhain leas as stór mór eolais litríochta; agus

  • Go seasann FON don timire teanga, an duine a bhí neamhspleách ar éifeacht an Stáit nó ó éifeacht na bhforsaí láidre poblachtánacha a bhí timpeall air.

  • 6 T. Crowley, ‘Encoding Ireland: dictionaries and politics in Irish history’, Éire-Ireland (...)

15Tugtar faoi deara gur foclóirí dátheangacha a bhíonn i gceist i bhfoclóireacht na Nua-Ghaeilge den chuid is mó. Ní haon eisceacht í an fichiú haois. Idir Bhéarla-Gaeilge agus Ghaeilge-Béarla sna foclóirí, ní bhíonn fáil ag Gaeilgeoirí ná ag Éireannaigh ar fhoclóir aonteangach a mhíníonn díorthuithe na bhfocal Gaeilge. Tá teoiric ag Crowley6 go léiríonn an nós seo gur tiomsaíodh na foclóirí dátheangacha ar fad i dtéarmaí teangacha eile amháin, go háirithe an Béarla. Ba thríthi a fuair an Ghaeilge a sainmhíniú agus a haitheantas. Tá luach méadaithe leis an ráiteas sin i gcás na bhfoclóirí a tiomsaíodh sna céadta roimh an aois seo caite. Deacracht eile a bhíonn ann ná go nglacann cruthú foclóra aonteangaigh níos mó ama agus airgid ná eiseamláirí dátheangacha. Fágann sé gur dheacair don rialtas cloí fada go leor le tionscnamh mar sin a chur i gcrích. I gcás na Gaeilge, ba ghá treo thionscnamh an fhoclóra aonteangaigh in Acadamh Ríoga na hÉireann (FNG) a athrú go hiomlán tar éis fiche bliain a chaitheamh ag ullmhú na chéad litreach.

An Stát agus foclóirí Nua-Ghaeilge

16Ar bhealach, tharla na feabhsuithe is cuimsithí i gceird agus i dtábhácht na foclóireachta nuair a chuaigh an Stát i ngleic lena dualgais sa réimse seo ag amanna áirithe i rith na haoise. Chuaigh an Stát i ngleic leis seo nuair a chuireadar gníomhartha ar bun chun foclóir Bearla-Gaeilge a sholáthar ag deireadh na 1920í. Earnán de Blaghd is túisce a bhrúigh an tionscadal sin ar aghaidh. Thóg sé tamall áirithe orthu na paraiméadair chearta a chumadh agus na treoracha is cirte a leagan amach don phríomhfhoclóirí, sa chás seo Láimhbheartach Mac Cionnaith. Ghlacadar cúram ceart i ndiaidh an chogaidh de chomharba FMC, ach níor éirigh leis an gcoiste comhairleach a ceapadh leis an ngnó a stiúradh súil iomlán a choimeád ar de Bhaldraithe nó ar cad é is fearr a bhí de dhíth chun an foclóir a thabhairt chun críche.

17Is féidir a áitiú go mbíonn dul chun cinn i dtáirgeadh na foclóireachta le sonrú sna tréimhsí nuair a bhíonn an tír féin faoi bhláth. Roimhe sin, bhí foclóireacht na teanga ag brath go minic ar pholaiteoirí a chuirfeadh spéis sa teanga ag uaireanta áirithe. Sa tslí sin, shocraítí go mbeadh codán de chiste an rialtais ar fáil mar thacaíocht. Bhí sé níos éasca sna 1960í nuair a bhí ciste airgid ag an Roinn Airgeadais, caiteachas a cheadú chun FGB a chur le chéile agus foireann bhreá a cheapadh le dul i mbun oibre. Bhí foighne áirithe le tabhairt faoi deara sa Rialtas chomh maith sa tslí ar tugadh beagnach fiche bliain don fhoireann an obair a chríochnú. Ansin, agus géarchéim airgeadais sa tír, tharraing an rialtas siar ó aird ar bith a thabhairt de réir córais ar fhorbairt na foclóireachta. Lean tionscnaimh áirithe sa Ghúm agus in Acadamh Ríoga na hÉireann leo, ach ba iarsmaí iad de na hiarrachtaí a cuireadh ar bun sna 1970í.

18I gcás teanga mionlaigh ar bith, níl airgead le fáil as cló agus díol foclóirí aonteangacha nó dátheangacha. Níl an margadh léitheoireachta ná lucht úsáide idirnáisiúnta ann a d’fhágfadh go mbeadh raidhse ceannaitheoirí ar fáil nó go mbeadh comhlachtaí móra foilsitheoireachta ag obair le dul in iomaíocht le chéile chun a gcéatadán áirithe den mhargadh a bhaint amach. Ar an gcúis sin, le freastal ar chur chun cinn, ar chaomhnú agus ar neartú i gcaighdeáin dhifriúla na Gaeilge, tá dualgais áirithe ar an Stát a chinntiú go mbíonn soláthar foclóirí ar fáil i nGaeilge. Tá an dualgas reachtúil sin curtha i scríbhinn anois ag deireadh an fichiú haois agus is ar an bhForas Teanga trasteorann a bunaíodh faoi chomhaontú Aoine an Chéasta i 1999 san Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, Foras na Gaeilge, a thiteann na dualgais reachtúla chéanna.

An ríomhaireacht agus an teicneolaíocht

  • 7 C. Nic Pháidín, ‘Foclóireacht’ in Ar thóir na bhfocal, Bord na Gaeilge, Páipéar Ócá (...)

19Sa chúig bliana fiche deireanacha den aois seo caite, tháinig athrú ó bhonn ar obair an ghnáthfhoclóirí toisc na teicnící nua atá ar fáil le ríomhthiomsú a dhéanamh ar fhoclóir clóite nó leictreonach. De bharr na nuatheicneolaíochta, bíonn obair foclóireachta an lae inniu níos áisiúla agus níos críochnúla ná mar a bhí riamh agus is iomaí constaic is féidir a shárú léi. Leathnaíonn agus éascaíonn an teicneolaíocht eagrú agus roghnú an ábhair. Mar shampla, bheadh sé ina laige ar aon fhoclóir nua muna mbeadh sé bunaithe ar eiseamláir Bhéarla nach dtugann a cheart do Bhéarla na hÉireann ná do nathanna nach bhfuil in úsáid lasmuigh den tír. Mheas Nic Pháidín7 go bhféadfaí dúchasú a dhéanamh ar an mBéarla féin trí chuidiú na nuatheicneolaíochta. Is féidir foinsí ar nós Oxford English Dictionary a chuardach de réir na samplaí ‘Éireannacha’. Tá sé níos éasca samplaí agus sleachta áirithe a roghnú don fhoclóir de réir minicíochta chomh maith. Ar an gcúis sin, bíonn earra níos iomláine agus níos críochnúla ar fáil.

20I gcomhthéacs na Nua-Ghaeilge, chuir cuid de na hathruithe ríomhaireachta moill ar chur chun cinn na dtionscadal difriúla toisc an teicneolaíocht a bheith costasach i dtosach ama, mall agus athraitheach. Níor chuidigh sé chomh maith go raibh scoláirí na foclóireachta chomh cleachtaithe sin ar an mbealach sean-fhaiseanta agus cuid mhaith de na saineolaithe sa réimse ag dul in aois, go raibh bac áirithe ar scaipeadh agus seachadadh na teicneolaíochta chomh forleathan agus atá sé i gceist sa lá atá inniu ann. Ó lár na 1970í, bhí leas á bhaint as mór-ríomhaire príomhfhráma leis an bhfoclóireacht a éascú. Ní éasca a bhí sé ceann dá leithéid a cheannach nó foireann, seachas duine amháin, a chur i mbun oibre air. Faoin mbliain 1995, bhí teacht ar ghnáthríomhairí pearsanta d’oibrithe oifige agus bhí an dara sraith cláracha ríomhfhoclóireachta ar fáil. Sa tslí sin, agus tromlach de ghlúin na foclóireachta imithe ar pinsean, glacadh leis an teicneolaíocht go fairsing agus tá sé in úsáid mar ábhar feabhais seachas mar ábhar toirmisc ó shin.

21I gcomhthéacs na foclóireachta Éireannaí de, is é an rud is nua atá ann le cuidiú le táirgeadh fhoclóirí i nGaeilge ná DANTE. Tá comharba EID le bheith linn i gceann dhá bhliain nó mar sin: NEID – New English-Irish Dictionary de chuid Fhoras na Gaeilge. Chun taobh an Bhéarla den phróiseas sin a éascú, cruthaíodh bunachar léacsach nó foclóireachta leis an ainm DANTE. Cuireann sé taifead ar fáil den tslí a fheidhmíonn breis agus 42,000 ceannfhocal agus 23,000 nathanna ilfhoclacha, le 27,000 frása ina measc. Faoi láthair, is féidir teacht air, ar líne, agus taobh den úsáid thaighde, déanfar é a dhíol le foilsitheoirí gairmiúla de réir ceadúnais. Cruthaíodh an bogearra seo ag Lexicography MasterClass, an comhlacht Sasanach foclóireachta atá ag obair le Foras na Gaeilge chun an foclóir a thabhairt chun foirfeachta.

22Tá corpas de 1.7 billiún focal i mBéarla ar fáil trí DANTE. Tugann sé cur síos córasach ar na mínithe, gramadach agus tréithe d’fhocail an Bhéarla. Is féidir leis an mbunachar deis a thabhairt d’fhoilsitheoir foclóir Béarla aonteangach nó dátheangach a chruthú (mar a bhí sa chás seo), nó uasdátú a dhéanamh ar leagan, nó foclóir clóite a leagan amach ar líne. Tá na sonraí leagtha amach cosúil le gnáthfhoclóir, ach tá na samplaí úsáide a shíolraíonn ón mbunachar, breis agus leathmhilliún abairt ón gCorpas. Tá córas ríomhdhéantúsaíochta foclóireachta, DPS (cruthaithe ag comhlacht Francach IDM), in úsáid ag Foras na Gaeilge chun an tionscnamh a chríochnú.

Foilsiú na téarmaíochta mar fhoclóirí

23Mar atá soiléir sa tuairisc seo thuas, d’fhág grúpa fíorbheag oidhreacht i gcás na foclóireachta, grúpa de sheisear nó de sheachtar scoláirí agus is féidir a rá go soiléiríonn sé sin a dheacra a bhí sé don earnáil seo fás thar na blianta. Éagsúil uaidh sin, bhain an-chuid lámh leis an obair a bhain le cruthú agus le foilsiú na téarmaíochta. Thacaigh an Roinn Oideachais in Éirinn go dlúth leis an obair seo. Nuair a bhí deis ag móruaisle na Roinne, a bhí an-bháúil leis an nGaeilge agus le forbairt na teanga an uair sin, tionchar a bheith acu ar chur chun cinn na téarmaíochta, tapaíodh an deis sin.

  • 8 U. Breathnach agus C Nic Pháidín, “Téarmaíocht na Gaeilge: turgnamh in vitro”, Taighde agus (...)

24Bhí an obair seo ar siúl ar feadh i bhfad sa Nua-Ghaeilge, agus mar a deir Bhreathnach agus Nic Pháidín: “Le breis mhaith agus mile cúig chéad bliain, tá téarmaí nua á gcruthú ag an nGaeilge agus cuid eile á nglacadh chuici féin aici chun déileáil le forbairtí sóisialta, eaglasta agus teicneolaíochta8.” Tháinig méadú leanúnach uirthi de réir córais san aois seo caite, áit ar cuireadh bonn stáit leis an gcúram, go háirithe nuair a bhí riachtanas práinneach i gceist leis ó thaobh dul chun cinn na heolaíochta agus na teicneolaíochta.

25Thar aon rud eile, chuir an Roinn Oideachais an-bhéim ar fhoilsiú na téarmaíochta (agus a chruthú) nuair ba ghá leis sna heolaíochtaí agus i réimsí teicniúla. Baineadh an-leas as modh na gcoistí a thug saibhreas don ghnó agus a chinntigh go raibh teacht ar réimse leathan comhairle sular faomhadh (nó foilsíodh) téarma ar bith. Tá an modh céanna amhlaidh i gcónaí agus is mór an trua an easpa spreagtha a bhaineann leis an Roinn Oideachais sa chás sin anois. Ar ndóigh ní chruthaítear focal san fhoclóireacht per se, cuirtear eagar san fhoclóir ar na slite is fearr le brí focal/focail a mhíniú i dteanga amháin nó i dteanga eile. Tá sé sin éagsúil go mór i gcás na téarmaíochta nuair a dhéantar iarracht brí a thabhairt do choincheap áirithe sa teanga.

  • 9 E. Ó hÓgáin, ‘Téarmaí teicniúla sa Ghaeilge: caighdeánú agus ceapadh le céad bliain (...)

26Sa ghnáthfhoclóireacht, déantar taifead ar staid na teanga ag am faoi leith ach is é gnó na téarmaíochta lipéid atá cruinn caighdeánach a chur ar choincheapa sainithe, agus ansin iad a thiomsú i mionfhoclóirí9. Bíonn gluaiseanna téarmaíochta á bhfoilsiú sa Ghaeilge faoi láthair. Tugtar leagan Gaeilge ar leagan Béarla (nó a mhalairt), ach ní mhínítear an coincheap i nGaeilge. Leis an gceird seo a fhorbairt go fírinneach, beidh gá le mínithe níos speisialaithe a chur ar fáil agus is maith an seans go mbeidh feidhm de chineál ag foclóirí móra nua Stáit leis seo sa bhfiche bliain eile atá amach romhainn.

27Is féidir foilsiú na téarmaíochta mar fhoclóirí a roinnt ina seacht gcuid:

  • 1900-1922: Foilseacháin na hathbheochana agus na n-eagraíochtaí teanga;

  • 1922-1940: Iarrachtaí foilsithe na gcigirí sa Roinn Oideachais faoin Stát nua;

  • 1945-1960: Foilsiú English-Irish Dictionary faoi stiúir Thomáis de Bhaldraithe;

  • 1960-1968: Coistí ad-hoc bunaithe le haghaidh a thabhairt ar théarmaíocht na heolaíochta;

  • 1968-1985: Bunú, saothair agus foilseacháin an Bhuanchoiste Téarmaíochta sa Roinn Oideachais faoi Thomás Ó Floinn. Is é an cúram atá ar an gCoiste ná téarmaíocht chaighdeánach údarásach a chur ar fáil i nGaeilge;

  • 1985-1999: Foilseacháin an Bhuanchoiste Téarmaíochta ó 1985 faoi chóras coincheapúil a chuir an Dr Liam Mac Cóil agus Colm Breathnach i bhfeidhm agus ar lean Fidelma Ní Ghallchobhair leis; agus

  • 1999-2010: Aistriú an Bhuanchoiste Téarmaíochta go dtí Foras na Gaeilge agus fáil ar áiseanna agus foireann dá bharr. Nasc cruthaithe le Foireann na dTionscadal Taighde, Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a dhéanann tionscnamh áirithe don Bhuanchoiste ar bhonn conartha.

  • 10 M. Nic Mheanman, ‘Téarmaíocht’, Comhar, 40.4: 15, 1981, l. 33-35.

28Thug agus tugann na coistí téarmaíochta deis don Ghaeilge dul i ngleic leis an ngnáthshaol. Más léir go mbíonn riachtanas do théarmaí in ábhar ar bith, bíonn córas ar fáil chun an t-ábhar a scrúdú agus fochoiste a chur ag obair ar bharraíocht téarmaí a sholáthar10. Cuireann foghlaimeoirí eachtrannacha an cheist go minic, “cé na daoine a shocraíonn téarmaí nua i nGaeilge”, agus is deas leis an údar seo a rá leo go bhfuil córas ann le dul i ngleic le ceisteanna mar seo, córas a tharraingíonn ar réimse leathan saineolais.

Gaeilge chaighdeánach agus athrú cló i bhfoclóirí na haoise

  • 11 S. Ó Riain, Pleanáil teanga in Éirinn, Baile Átha Cliath, Carbad, 1985.

29Taobh le taobh le ceisteanna ábhair, agus cruthú téarmaí, leanann díospóireachtaí eile a bhfuil éifeacht acu ar na foclóirí. Bhí dhá mhórdheacracht sa tslí ar chur chun cinn ghramadach na Gaeilge nuair a bunaíodh an Stát: (1) an litriú agus (2) éagsúlacht gramadaí sna canúintí. Níorbh fhéidir tabhairt faoi ghramadach a chinntiú in aon chor go socrófaí ceist an litrithe. Ag an bpointe sin, fiú, bhí leithleachas na gcanúintí le sárú. Dul ar aghaidh mall a rinneadh mar bhí an coimeádachas an-láidir. Agus na leasuithe litrithe déanta, fiú, ba ghá fanacht roinnt blianta go rachfaí ina dtaithí sna scoileanna agus sa litríocht sula rachfaí ag plé le cló ná le gramadach11.

30Idir bunú an Stáit agus foilsiú EID sa bhliain 1959, lean an díospóireacht agus iarrachtaí rialtais chun an Ghaeilge a chaighdeánú ar bhealach a bhí sásúil go leor d’ionadaithe na gcanúintí go léir. Sa tréimhse chéanna, ní raibh sé éasca ar fhoclóirithe an leagan ceart litrithe den fhocal a roghnú nuair a bhí an il-iomad litrithe difriúla ar fáil ar fhocail éagsúla.

31Lean an plé seo ar aghaidh go dtí gur ghlac Éamon de Valera cuid den fhreagracht chuige féin, agus cuireadh gluaiseacht Stáit iarchogaidh ar bun le go bhfoilseofaí Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil (1958). Ba é an chéad fhoclóir eile, FGB, beagnach fiche bliain níos deireanaí, a chuir an chéad éabhlóid eile ar an gcaighdeán agus ag eascairt as seo, tá neamhréireachtaí atá fós le réiteach anois ag Aonad an Aistriúcháín sa Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta faoi lár na bliana 2011. Cruthóidh sé sin deacrachtaí áirithe d’fhoireann NEID i bhForas na Gaeilge, ar ndóigh.

Treo na foclóireachta sa bhliain 2000 i leith

32Braitheann an scríbhneoir seo an borradh céanna faoin bhfoclóireacht ag deireadh na haoise seo caite agus a bhí ar fáil don teanga le linn na hathbheochana ag tús an chéid. Tá foghrúpaí áirithe ag obair ar chodanna den fhoclóireacht agus iad ar fad maoinithe ar shlí éigin ag an Stát. Le bunú Fhoras na Gaeilge agus aistriú an Ghúim ón Roinn Oideachais go cúram an Fhorais, agus go cúram na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionnanais agus Gaeltachta, tugadh dualgais an Stáit don fhoclóireacht faoi deara agus tosaíodh ar fhoireann agus struchtúr foclóireachta a chruthú arís sna heagrais Stáit. Tá eagarthóir foclóireachta ceapaithe móide bainisteoir tionscadail don tionscadal foclóir Béarla-Gaeilge nua, NEID, atá á chruthú ag Foras na Gaeilge. Tá eagarthóir cúnta amháin ag obair leo beirt. Anuas air sin, foilsítear dhá shainfhoclóir ar an meán in aghaidh na bliana le téarmaí faomhaithe ag an gCoiste Téarmaíochta agus curtha in eagar ag feidhmeannas an Choiste, idir rúnaí agus téarmeolaithe.

33In Acadamh Ríoga na hÉireann, leantar le tionscnamh FNG le ríomhchartlann foclóireachta don Nua-Ghaeilge a chruthú. Tá foireann foclóireachta an Acadaimh ag obair ar chorpas na Gaeilge ó 1882 – 2000 a chríochnú agus a fhoilsiú. D’fhágfadh sé sin go mbeadh corpas leictreonach don Ghaeilge ó 1600 – 2000 le hamhábhar as a bhféadfaí foclóir aonteangach a dhearadh. Tá beirt eagarthóirí cúnta, agus duine eile ag tabhairt aghaidh ar riaradh an tionscnaimh. Sa Charraig, i dTír Chonaill, tá sraith ionchuradóirí ag obair le téacsanna ón bhfichiú haois a scanáil sa ríomhaire le heagar a chur orthu don chorpas. Is deacair a bheith cinnte an leanfaidh an tAcadamh le obair na foclóireachta san fhadtéarma. Maoiníonn an tÚdarás um Ard-Oideachas an tionscnamh i gcónaí.

34In Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, déanann foireann na dtionscadal taighde i bhFiontar forbairt leanúnach ar thionscadail ríomhthéarmaíochta agus ríomhlogainmeolaíochta. Bunaíodh www.focal.ie, bunachar comhtháite de nuathéarmaíocht na Gaeilge sa bhliain 2004, i gcomhar le hOllscoil na Breataine Bige, Lampeter. Maoiníodh an tionscadal an uair sin as an gciste Cumarsáid Teicneolaíochta agus Iompair (Tosaíocht 1, Beart 4) faoi INTERREG IIIA Éire / An Bhreatain Bheag agus le páirtmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Ba é príomhsprioc ghné na hÉireann ná méadú ar rochtain an ghnáthphobail ar acmhainní theicneolaíocht na faisnéise, sa chás seo acmhainní ardleibhéil i nGaeilge. Díríodh an suíomh ar riachtanais gnó agus cumarsáide, ar earnáil an oideachais, ar thionscal an aistriúcháin agus ar shainúsáideoirí eile. Anois sa dara céim den tionscadal 2008 – 2011 tá suas le dosaen ag obair ar na tionscadail sin, agus i gcás na téarmaíochta, oibríonn siad lámh le lámh le feidhmeannas an Bhuanchoiste Téarmaíochta i bhForas na Gaeilge a fhaomhann na téarmaí a fhoilsítear ar an suíomh. Maoiníonn Foras na Gaeilge an obair seo.

35In Ollscoil Uladh, déantar obair leanúnach foclóireachta i gcomhairle leis an gcomhlacht foilseacháin Sasanach Collins. Tá siad ag obair leo faoi láthair leis an Collins Concise English-Irish, Irish-English Dictionary a chruthú. Tá an t-oifigeach taighde is deireanaí, Gearóid Ó Diomagáin, ag obair ar an tionscnamh faoi stiúir na nOllamh Séamus Mac Mathúna agus Ailbhe Ó Corráin le maoiniú ó fhoinsí éagsúla. Foclóireacht trí mhodh an aistriúcháin atá inti agus níl an fhoclóireacht chorpasbhunaithe in úsáid sa chás seo go fóill.

36I dTithe an Oireachtais, bíonn Rannóg an Aistriúcháin ag plé le téarmaíocht dlí agus reachtaíochta le foireann a méadaíodh ó dheireadh an chéid seo caite. Bíodh agus nach bhfuil agus nach raibh páirt shuntasach ag an Rannóg san fhoclóireacht, is fíor go bhfuil obair thábhachtach i gcruthú téarmaí fós ar siúl acu agus gur féidir a rá go bhfuil sainoiliúint ar fhoireann na rannóige.

37In Éirinn, tá géarghá le traenáil agus sainoiliúint a chur ar fáil ag leibhéal iarchéime ollscoile i bhfoclóireacht na Nua-Ghaeilge le soláthar oilte foclóirithe a réiteach sna blianta atá romhainn. Is beag an bhuíon ar féidir “foclóirithe” Gaeilge a thabhairt orthu i láthair na huaire agus áirítear orthu siúd de bharr taithí a bheith acu sa réimse: an Dr Éamonn Ó hÓgáin, Máire Nic Mhaoláin, an Dr Úna Uí Bheirn, an Dr Diarmuid Ó hAirt, an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín, an Dr Pádraig Ó Mianáin, an Dr Eithne Ní Ghallchobhair, Máire Ní Icí, Máire Mhac an tSaoi, Marion Gunn, Deirdre d’Auria, Muiris Ó Raghallaigh, Úna Bhreathnach agus corrshaineolaí téarmfhoclóireachta, an Dr Liam Mac Cóil, an Dr Gearóid Ó Cléircín, Brian Ó Raghallaigh, Donla uí Bhraonáin, Fidelma Ní Ghallchobhair agus Colm Breathnach ina measc. Is dúshlán mór a bheidh ann don Stát agus don earnáil tríú leibhéal araon feabhas a chur ar sholáthar fhoclóirithe amach anseo.

  • 12 D. Ó Baoill, ‘An Caighdeán Oifigiúil’ in Ar thóir na bhfocal, Bord na Gaeilge, Páipéar Ócái (...)

38Mhol meitheal oibre a bhí ag obair do Bhord na Gaeilge gur cheart d’údaráis an Stáit cuidiú leis an bpleanáil teanga agus lárionad nó acadamh Stáit amháin a bhunú le bheith freagrach as an teanga, idir fhoclóireacht, théarmaíocht, cheisteanna an Chaighdeáin sa bhliain 199912. Ba chabhair é teach foilsitheoireachta agus rannóg Nua-Ghaeilge ollscoile a cheangail le hacadamh mar seo chomh maith agus an t-acadamh a bheith freagrach do na hAirí Oideachais agus Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta araon. Go dtí go dtarlaíonn a leithéid, ní féidir a bheith ag súil le foirfeacht nó fiú dul chun cinn i bpleanáil foclóireachta na Gaeilge sa todhchaí.

Conclúid

39Is iontach an tsuim atá ag Gaeilgeoirí i bhfocail, nathanna cainte, frásaíocht, díorthuithe agus, ar ndóigh, foclóirí. Cosúil leis an tsuim seo, bhí eolas ag teastáil ó phobal Gaeilge na hÉireann, agus tá fós, i dtaobh leithne a dteanga féin, go speisialta san aonú haois is fiche nuair atá meath ag teacht ar líon na gcainteoirí dúchais i gcónaí. Dáiríre, spreagadh foclóirithe na teanga ag a leithéid chéanna de shuim agus de spéis i gcónaí.

40Áiríodh caomhnú agus méadú na teanga ar na spriocanna ba mhó a bhí ag foclóirithe na Nua-Ghaeilge ó aimsir Uí Chléirigh agus na bProinsiasach sa tseachtú haois déag. Theastaigh ó na foclóirithe seo ar fad, nach mór, pobal na tíre a chumasú sa Ghaeilge. Is deacair a chreidiúint go mbeadh teacht chomh héasca ar úsáid fhairsing na teanga sa lá atá inniu ann gan na háiseanna foghlama a chuireann foclóirí ar fáil. Ó thús na Nua-Ghaeilge, feictear an éabhlóid ó thionchar na hathbheochana go riachtanais an Stáit nua; ó thraidisiún páipéir go ríomhfhoclóireacht; ó chur chun cinn na litearthachta go cruthú na téarmaíochta trí mheán na foclóireachta.

41San achar ama ó thús na hathbheochana go speisialta, bhí foclóirí cuimsitheacha dátheangacha riachtanach mar chuidiú do na scríbhneoirí nua dul i mbun pinn ar an saol. Cuireadh é sin ar a gcumas ag tús an chéid trí mheán na bhfoclóirí nua, FON, FUD agus FFDA go háirithe. Tá na foclóirithe “príobháideacha” i dteideal an-mholadh as a gcuid iarrachtaí, go háirithe Lane agus Ó Duinnín. Chuireadar an-tacaíocht ar fáil don teanga agus cuireadh a saothair i gcló go caolchúiseach chun na hiarrachtaí suntasacha ón mbunghluaiseacht náisiúnach i rith an ama sin a spreagadh. Céim eile a bhí ann le teanga na tíre a chur chun tosaigh arís, roimh bhunú an Stáit agus ina dhiaidh.

42Bhí sprioc dhifriúil ag lucht gríosaithe na teanga faoin Stát nua: an Ghaeilge a neartú mar chuid lárnach den chóras oideachais i rith an fichiú haois agus téarmaíocht nua-aimseartha a chumadh inti. Cuireadh tús an-mhaith leis sin le hiarrachtaí i bhfoilsiú foclóirí téarmaíochta chigirí sa Roinn Oideachais sna 1920í agus cinneadh dul ar aghaidh le foclóir Béarla-Gaeilge nua faoi eagarthóireacht Láimhbheartaigh Mhic Cionnaith sa bhliain 1930 (FMC). Faraor, idir athruithe rialtais, easpa tuisceana ar na scileanna agus na riachtanais a bhí ag teastáil agus spriocanna iltreócha sa Roinn idir théarmaí, fhoclóirí agus chaighdeánú na teanga, níor sheas an leagan foilsithe an fód chomh maith le foclóirí eile.

43Níor éirigh leis an Stát polasaí cuimsitheach foclóireachta a chur le chéile don Ghaeilge riamh, ach tugadh faoi bheartais áirithe aonaracha i lár agus ag deireadh na haoise ar éirigh go maith leo. Faoi lár an chéid, bhí cúrsaí níos fearr agus bhí bonn níos socra faoi bheartas English-Irish Dictionary Thomáis de Bhaldraithe (EID). Faoin am a foilsíodh Foclóir Gaeilge-Béarla Néill Uí Dhónaill (FGB), bhí an fhoireann Stáit ab fhearr i bhfoilsiú foclóireachta ar fáil. Bhí airgead agus spéis léirithe i bhfoclóir stairiúil don teanga (FNG) agus bhí córas ceart ann sa Roinn Oideachais chun téarmaí a chruthú agus a fhoilsiú mar fhoclóirí.

44Ar an drochuair, bhí costas substaintiúil ar na tionscnaimh sin ar fad, airgead nach raibh flúirseach i gciste an rialtais an t-am sin ná anois. Bhí easpa comharbaí ann ar leithéidí Uí Dhónaill agus de Bhaldraithe agus níor réitíodh le teicneolaíocht nua an eolais chomh tapaidh sin agus a bhí de dhíth. Tháinig meath ar scéal na foclóireachta Nua-Ghaeilge faoi dheireadh an chéid. Chríochnaigh an tréimhse le dóchas nuair a aithníodh go raibh leaganacha nua ag teastáil ar na mórfhoclóirí dátheangacha Nua-Ghaeilge agus gur ghá an dualgas a bhí ag an Stát sa réimse seo a achtú go dleathúil.

45Scéal tábhachtach is ea scéal na foclóireachta Nua-Ghaeilge ag tús na haoise seo – scáthán teangeolaíochta ar athruithe na dtréimhsí éagsúla i stair na tíre seo sa chéad seo caite.

Haut de page

Bibliographie

FFDA: Fournier d’Albe, Edmund E. (eag.), English-Irish Dictionary and Phrase Book, with synonyms, idioms, and the genders and declensions of nouns, Dublin, M. H. Gill & Son, 1903.

FON: O’Neill Lane, T. (eag.), Lane’s (Larger) English-Irish Dictionary, Compiled from the most. Authentic Sources, Dublin/London, Sealy, Bryers and Walker/David Nutt, 1904.

FUD: Dineen, P. S. (eag.), Foclóir Gaedhilge agus Béarla. An Irish-English Dictionary, being a thesaurus of the words, phrases and idioms of the modern Irish language, Compiled and edited by Rev. Patrick S. Dinneen, Dublin/London, M. H. Gill & Son/David Nutt for The Irish Texts Society, 1904.

Foclóir Gaedhilge agus Béarla. An Irish-English Dictionary, being a thesaurus of the words, phrases and idioms of the modern Irish language, Compiled and edited by Rev. Patrick S. Dinneen, Dublin, The Educational Company of Ireland, Ltd., for The Irish Texts Society, 1927.

FMC: Mac Cionnaith, Lámhbheartach (eag.), Foclóir Béarla-Gaedhilge, BAC, Oifig Díolta Foilseacháin Rialtais, 1935.

EID: de Bhaldraithe, Tomás (eag.), English-Irish Dictionary, BAC, Oifig an tSoláthair, 1959.

FNG: Foclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge, BAC, Acadamh Ríoga na hÉireann.

FGB: Ó Dónaill, Niall (eag.), Foclóir Gaeilge-Béarla, BAC, Oifig an tSoláthair, 1977.

Haut de page

Notes

1 Tomás de Bhaldraithe, ‘Foclóirí agus foclóireacht na Gaeilge’, The Maynooth Review 6.1, 1980, l. 3.

2 C. Nic Pháidín, ‘Corpus Planning for Irish – Dictionaries and Terminology in A New View of the Irish language C. Nic Pháidín, agus S. Ó Cearnaigh, (eag.), Baile Átha Cliath, Cois Life, 2008, l. 93.

3 M. Oftedal, ‘de Bhaldraithe, Tomás: English-Irish Dictionary’ in Lochlann, a review of Irish Studies, Sommerfelt, A. ed., Oslo, Oslo University Press, 1962, l. 226-228.

4 Ibid., l. 227.

5 Féach L. Mac Amhlaigh, Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge, Baile Átha Cliath, Cois Life, 2008.

6 T. Crowley, ‘Encoding Ireland: dictionaries and politics in Irish history’, Éire-Ireland 40.3+4, 2005, l. 129.

7 C. Nic Pháidín, ‘Foclóireacht’ in Ar thóir na bhfocal, Bord na Gaeilge, Páipéar Ócáideach , 1999, l. 3.

8 U. Breathnach agus C Nic Pháidín, “Téarmaíocht na Gaeilge: turgnamh in vitro”, Taighde agus Teagasc, 6, 2008, l. 1.

9 E. Ó hÓgáin, ‘Téarmaí teicniúla sa Ghaeilge: caighdeánú agus ceapadh le céad bliain anuas’, Teangeolas 17, 1983, l. 27.

10 M. Nic Mheanman, ‘Téarmaíocht’, Comhar, 40.4: 15, 1981, l. 33-35.

11 S. Ó Riain, Pleanáil teanga in Éirinn, Baile Átha Cliath, Carbad, 1985.

12 D. Ó Baoill, ‘An Caighdeán Oifigiúil’ in Ar thóir na bhfocal, Bord na Gaeilge, Páipéar Ócáideach 1, 1999, l. 8.

Haut de page

Pour citer cet article

Référence électronique

Liam Mac Amhlaigh, « Treonna sean is nua – an fhoclóireacht Nua-Ghaeilge san aonú haois is fiche »Études irlandaises [En ligne], 35-2 | 2010, mis en ligne le 30 décembre 2012, consulté le 29 mars 2024. URL : http://journals.openedition.org/etudesirlandaises/1950 ; DOI : https://doi.org/10.4000/etudesirlandaises.1950

Haut de page

Auteur

Liam Mac Amhlaigh

Coláiste Oideachais Froebel, Baile Átha Cliath / Froebel College of Education, Dublin

Haut de page

Droits d’auteur

CC-BY-NC-SA-4.0

Le texte seul est utilisable sous licence CC BY-NC-SA 4.0. Les autres éléments (illustrations, fichiers annexes importés) sont « Tous droits réservés », sauf mention contraire.

Haut de page
Rechercher dans OpenEdition Search

Vous allez être redirigé vers OpenEdition Search